Scoil: Áth Cinn (B) (uimhir rolla 14047)
- Suíomh:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth Cinn (B)
- XML Leathanach 0018
- XML “Mac Rí Ghoirt Rua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na locha. Rinne an bád air glan díreach agus nuair a bhí sé sathach gar de'n bhruach thug an fear athmhóg amach aisti, agus annsin tarraing sé an bád suas ar an talam le faithchios go seifead an gaoth amach uaidh í.
"Go mbeannuighe Dia duith ar seisean "A Mhic Ríogh Guirt Ruaidh"
"Go mbeannuighe Dia agus Muire dhuith féin a dhuine chóir" ars an Mac Riógh "Aithnigheann tusa mise, ach ní aithnigheann mise tusa."
"Is mise Brian Ó Bodáin agus is maith liom thú a fheicéal annseo, an mbeidh cluithche agat"
"Níor thug mé mo gleas imtheartha liom"
"Mise féin an bhuachaillín a thug liom é" ars 'an Brian Ó Bodáin.
"Is cuma liom ce'n geall a bheas ar an gcluithche" ars an Mac an Ríogh.
"Geasa ar bith is maith leat-sa a cur orm-sa, ma ghnothuigeann tú agus geasa ar bith a ogróchas mise(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brian Mac Raghnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Aralt Mac Aodha
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Ábhar sagairt (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Maigh Nuad, Co. Chill Dara