Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear ann fadó agus ní raibh aige ach aon mhac amháin. Bhíodar an lá seo ag siubhal. "Á" adeir an mac, " an bhfeiceann tú an curach sin ag déanamh ort. Tá buille agus fice uirthi, agus ní bhéidh innti ach aon fhear amháin agus dom' iarraidh atá sé sin. Ach pé ar bith achar a leighfeas tú mise uait abair leis mé thabhairt ar ais nuair a bhéas an lá cháirde thuas."
" Déanfaidh sin" adeir an t-athair. Nuair a tháinig fear na curaighe suas léobh dubhairt sé leis an t-athair , "Tabhair dom do mhac; ar seisean " go ceann lá is bliadhna. " "Tiubharfad", ar seisean. Nuair a bhí an lá is bliadhain suas bhreathnuigh an sean-fhear amach agus chonnaic sé a mhac ag teacht agus an fear in éindigh leis agus d'fhiafruigh sé dhe, "An dtiubhairfaidh tú dom ar feadh lá is bliadhain eile é". "Tiubhradh " adeir an sean-fhear, " nach dtiubhfraidh tú ar ais arís é nuair a bhéas an lá cáirde thuas." "Tiubharfad" adeir an fear. Nuair a bhí an lá is bliadhain suas thug sé ar ais é. "Anois" adeir seisean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Ghill, Co. na Gaillimhe