Scoil: Corr an Droma

Suíomh:
Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Breandán Ó Míodhcháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0251

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0251

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr an Droma
  2. XML Leathanach 0251
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Bhí madadh iongantach ag sean-fhear agus ní raibh aon madadh sa bparáiste nach raibh fá smacht aige. Ba é madadh mór giobach an
    t-seiplínigh ba chruaidhe a théigheadh air agus b'iomdha cath fiochmhar a bhí eatorra. Ar deireadh ghlac madadh an t-sean-fhear nimh agus fuar sé bás. Bhí brón mór ar an sean-fhear annsin agus bhí an oireadh sin do chlaon aige leis is go bhfuair sé bhéiste déanta d'en croiceann agus chaitheadh sé í Domhnach is dálach. Lá amháin dá raibh an t-sean-fhear ag dul thart le teach an t-seiplinigh rith an madadh mór giobach amach ag tafaint air. Ní túisge a thosuigh sé na d'éirigh gach ribhe fionnaidh dá raibh ar an bhéiste ina sheasamh agus tháinig colg uirthi go díreach mar tagadh ar an madadh nuair a bhí sé beo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.