Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0409](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0024%2FCBES_0024_0409.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0409
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear bocht ann fadó bhí go leór áirnéis aige, asal, madra, cat, ganndal, coileach, agus saithe beach, ach ní raibh sa saoghal aige ach garraidhe talmhan. B'éigin don asal dul a chóthú féin ar fuaid na mbhóithre gach lá. Téigheadh sé thar claidhe anois agus arís ag bradghail ar cuid na gchómhursan, mar bíodh an t-ocras ag dul tríd, ach má seadh ní bhíodh sé i bhfad ann núair a cuirthí na gadhair leis. Aon lá amháin do chuaid sé i bhfad isteach i ngleann uaigneach. Bhí an ball san an-shuaimhneasach, gan duine ná daoine ann ach tháinig sé arís agus arís eile. Oidhche áirithe ag teacht abhaile do ghaibh beirt fear thairis agus málaí i lámhaibh acu. Níor chuireadar aon bhuadhaire air, dar ndóigh, ní raibh aon ach asal ar thaobh bhóthair. "Seadh anois" ar seisean le na mháighistir nuair a tháinig sé abhaile "bí ullamh chun teacht liomsa amáireach agus an bhuidhean uile chomh maith. D'imthigeadar go léir leo agus ní stadadar cos go dtí go ndeachadar isteach sa gleann. Chuadar i bfolach ach d'fhan an t-asal ag inbhear dó féin. Do tháinig an beirt agus coisidheacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Oisín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Domestic worker (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Anbhaile, Co. na Gaillimhe