Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr an Droma
- XML Leathanach 0433
- XML “Na Trí Chomhairle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)freisin:- gan aon loistín a ghlacadh in aon teach a bheadh bean óg pósta ag sean-fhear ann; nuair a chuirfeadh aon duine fearg air, suidh síos agus a phíopa a dheargadh; gan aon bhealach treasna no aith-ghiorra a thógáil ach an bóthar. Nuair a tháinig sé abhaile ag a bhean bhí a mhac méaduighthe suas go mór ar fead na dtrí bliadhna agus shíl sé gur fear a bhí ann a tháinig isteach ag a bhean fhad is bhí sé fhéin ar aimsir. Tháinig fearg mhór air ach chuimhnigh sé ar an gcomhairle a tugadh do agus shuidh sé síos cois na teine agus dhearguigh sé a phíopa. Annsin shín sé an builín chuig a bhean agus d'fhiafruigh sí dhó arbh' é sin a' méid a bhí aige t'réis na dtrí bliadhna. Dubhairt an fear leí nar tugadh blas ar bith dó ach an méid sin agus gur dubhradh leis gan blas a bhaint de no go dteidheadh sé abhaile. Bhuel, ghearr siad suas an builín agus nuair a gearradh é bhí sé lán de "shobhairíní buidhe" agus , ar ndó, bhí siad saidhbhir go deo arís ina dhiaidh sin.
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Cathasaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Caisleán na Craobhaí, Co. na Gaillimhe