Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Loideáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Leathanach 0325
- XML “Murchadh Beag agus Murchadh Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar d'ith sé mo chuid sméar. " " Ní rachaidh mise leat, " adeir an madadh " go bhfaghaidh tú im a chuimleóchas mé mo chosa." Chuaid Murchadh Mór leis an im d'fhághail. " Cá bhfuil tú ag dul , " adeir an t-im." " Tá im uaim, im do chosaí mhadaidh, madadh a ruagfeas cú, cú a snamheas uisge, uisge a fliucheas cloch, cloch a ghéaróchas sgian, sgian a bhainfeas slat, slath a bhuailfeas Murchadh Beag mar d'ith sé mo chuid sméar. " " Ní rachaidh mise leat, " ars an tim " go bhfághaidh tú luch a sgríobeas mé." Chuaidh Murchadh Mór lelis an luch d'fhághail. "Cá bhfuil tú ag dul " adeir an luch. " Tá luch uaim, luch a sgríobeas im, im do chosaí mhadaidh, madadh a ruagfeas cú, cú a snamheas uisge, uisge a fliucheas cloch, cloch a ghéaróchas sgian, sgian a bhainfeas slat, slath a bhuailfeas Murchadh Beag mar d'ith sé mo chuid sméar. " " Ní rachaidhmise leat , " adeir an luch, " go bhfághaidh tú cat a ruaigeas mé." Chuaidh Murchadh Mór le cat d'fhághail. " Cá bhfuil tú ag dul, " adeir an cat. " Tá cat uaim, cat a ruagfeas luch luch a sgríobeas im, im do chosaí mhadaidh, madadh a ruagfeas cú, cú a snamheas uisge,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Ghiollarnáith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cor an Dola, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Ghiollarnáith
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cor an Dola, Co. na Gaillimhe