Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Loideáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Leathanach 0335
- XML “Fear Láidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thabhairt ar an margadh. Nuair a chuir síad an capall isteach san chárr ní raibh sé i ndon an
t-úlach a tharraingt mar bhí go leór tuighe caitte ar fud na sráide agus bhí sé ag stopadh na rotha. Dubhairt Réamon le na fir oibre an capall a thabhairt amach arís, agus go dtarrnóchadh síad féin an t-úlach amach ar an mbóthar agus go dtiubhradh an capall leis annsin é, gan mórán trioblóide.Rinne síad mar dubhradh leó. Rug Réamon ar dhá leath-chlaidhe an cháirr. Chuir sé an deiris ar a ghualann. Chuaidh an tríuir nó ceatrar fear taobh thíar don chart le congnamh a thabhairt do Réamon. Bhog sé leis an t-úalach, agus nuair a chonnaic na fir chómh réid 'is a bhí sé dhá thabhairt leis é in áit a bheith ag congnamh leis sé a rabhadar ag tarraingt síar é, agus sgúab sé leis an coirce agus na ceathrar fear amach ar an mbóthar.- Bailitheoir
- Máire Ní Shíoda
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cor an Dola, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Síoda
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cor an Dola, Co. na Gaillimhe