Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)

Suíomh:
An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Loideáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0357

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0357

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
  2. XML Leathanach 0357
  3. XML “Ag Déanamh Brící”
  4. XML “Tuíodóireacht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Fadó bhíodh chuile fear ag cur díon ar a theach féin. Nuair a bhéadh an Foghmhar bailighthe isteach acú bhuailfeadh síad stáca maith cruithneachta. Nuair a beadh an siol bainte as tairneóchadh siad an tuighe agus cuireadh siad le chéile go deas í. Cheanglóchadh siad suas annsin é in a phunnanaí. Nuair a bheadh sé go léir tarraingte acú thiocfadh an tuigheadóir. Geobhfad sé dréimire annsin agus shínfeadh sé suas leis an teach é.
    Thosochadh se annsin ag binn an tighe. Tiubhradh sé stráca leis suas timceall troigh go leith i leithid. Annsin geobhfadh fear an tighe beart scolb agus biorochadh sé iad. Bhéadh a mhailléad fein ag an tuigheadoir. Nuair a bhéadh cupula slam leagtha aige chuirfeadh sé cupla scolb ann. Tomálfad sé sios na scoilb leis an mhailléad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.