Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Loideáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis da dteigheadh sé amach go Chonndae an Chláir go raibh droicid ann go bhfuigheadh sé pota óir ó fear annsin ar an droichead. Nuair a d'éirigh sé ar mhaidin bhí sé dhá innseacht dá bhean. Ní raibh fhios aige an ag bríonglóid a bhí sé nó an fear a bhí ag cainnt leis, acht ar aon nós d'imthigh sé amach go Cho. an Chláir. Bhí sé amuigh ann annsin le cótara an trathnóna. Thosuigh sé ag siubhail siar in aniar an droichead.
Ní fhaca sé aon fhear ann. Bhí teach ag táilliúr in aice leis an droichead. Bhí an táilliúr ag féachaint ar an bhfear ag siubhail. D'fiafruigh sé den bhfear céard a bhí sé ag déanamh annsin, " Bhí mé ag brionglóidigh aréar," adeir an fear, " dá dtagann amach annseo ar an droichead seo go bhfuighfinn pota óir ann"
" Go bhfoirigh Dia ort," adeir an táilliúir, " tá mise ag bríonglóidigh le blian dá dteighinn go Parróiste Anach Cuain go bhfuighfinn pota óir faoi sgeich i mbaile a dtugann siad Lisénórán ar istigh i ngarraidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Conríogh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe