Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)
- Suíomh:
- Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P.S. Ó Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-sgéal grinn.
Fadó bhí ríogh i gCúige Laighean agus bhí Labhraidh Lorc mar a ainm air.Bhí cluasa caiple air ach ní raibh fhios ar aon duine ar san. Nuair a bhí bearrbóir uair amháin ag gearradh a chuid ghruaige do chonnaic sé an gort cluaise a bhí air agus bhí iachall air gan an scéal a leigint amach uaidh.
Tháinig tinneas air agus chuaidh sé go dtí dochtuir agus dubhairt sé go raibh eagla air an scéal a innsint dhó. Bhí air dul go dtí coill agus a scéal innsint do crann éicínt. D'innis sé a scéal do crann sailighe. Tháinig biseach air. Bhí ceóltóir san áit agus rinne sé cruith Dhé phíosa ádhmaid a ghearr sé de'n crann sailighe. Rinne sé ceól agus tháinig an focláibh seo amach as, "Tá dhá cluais chapaill ar cheann LabhraidhLorc agus ní maith leis é sin a innsint do dhuine éile." Tháinig iongnadh mhór ar an Ríogh mar bhí fhios ar gach duine go raibh cluasa chapaill air. Níor bhfidir leis iad a choimeád i gceilt ó shoin amach.
Pádhraig ó Dbhghaill,
Fuair mé an scéal ó Pádhraig ó Kathaigh,
Na Duganna,
Gaillimh.- Bailitheoir
- Pádhraig O Dubhghaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádhraig O Fathaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Duganna Nua, Co. na Gaillimhe