Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)
- Suíomh:
- Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P.S. Ó Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh sí ós cionn an uisge agus chuaidh sí faoi'n uisge, acht ní dhearnadh an uisge aon rud uirthí?
Freagra:- Bean ag dul thar droichead agus canna uisge ar a ceann.Droichead ar loch gan maidhe gan cloch?
Freagra:- leac oidhre.Dhá chois in a shuidhe ar trí cosa. Tháinic ceithre cosa isteach ghoid sé aon chos. Léim dhá cois suas agus chaith sé trí cosa in dhiaid ceithre cosa agus fuair sé aon chos arís?
Freagra:- búidhistéar agus mada a ghoid feól uaidh.Cloch in a bholg agus mada ar a dhruim.
Freagra:- Sceachóir.Tá sí ann ó thus an t-saoghail is níl sí ráithe d'aois?
Freagra:- An ghealach.Cuaidh sé síos an bóthar agus thug sé an rud na teastuigh uaidh?
Freagra:- dealg.- Bailitheoir
- Pádhraic O Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Laoidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Sráid Dhoiminic, Co. na Gaillimhe