School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (roll number 4501)
- Location:
- Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
- Teacher: P.S. Ó Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
- XML Page 0033
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a fhéiceann tu na héanliath ag eitilt go hárd ins an spéir sin chomhartha go bhfuil aimsear bréagh ag teacht . Acht nuair a fhéiceann iad ag eitilt go h-iséal sin comhart báistighe ag teacht.
Is go minich a cíonn duine an fhairrge ag éirghe garbh bailigh o shin go bhfuil storm i láthair . Acht is minich a thagann eagla ar máirnéalaigh nuair a thagann ' calm' go hobann . Deirtear go minic ' calm roimh an stoirm".
Bailightear ó na feithidi eólas maith freisin. Féiceann tu an péist ar gcré nuair a bhionn sé roimh storm no báistighe .Is maith go mór leis an t-uisce . Amuigh faoi n dtuaith ins na tighthe bionn na craigear in a dtost roimh ruitum báistighe. Bionn siad ag ' chiripéail' go mór roimh spáis aimsear bhréagh. ni bhíonn na cuiléoige go hárd insan spéir annsin agus nuair a bhíonn an ghrian ag taithneamh féictear iad go hárd ann.
Féach ar an dteine; agus nuair atá sé go geal tá aimsear maith ag teacht , acht nuair atá sé go híseal tá droch -aimsear go teacht . Tuiteann an suithche freisin roimh báistighe.- Collector
- Pádhraig O Dubhghaill
- Gender
- Male
- Informant
- Pádhraig Ó Fathaigh
- Gender
- Male
- Address
- Na Duganna Nua, Co. na Gaillimhe