Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0077](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0032%2FCBES_0032_0077.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0077
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Guidhidh ar Pheadar, Guidhidh ar Phól, siad a bhí 'ghá shábháil agus 'ga comnuideach Flaiteas Dé ar a láim. [Micheál Ó Maoldomnaigh Creig Buidhe, Baile Clár na Gaillimhe, aois 52]
Bhíodh paidreacha ag na sean-daoine fadó le h-agaid gach ócaid beagnach. Seo iad na cinn a chuala mé: -"Ofrailímíd an paidirín pairteach seo Ag móladh na mná a bhí riamh gan locht
Ag súil le Muire agus le Rí na ngrásta
Go d-tubaraidís arás dom anam bocht"Nuair a bhiodh siad ag coigilt an teine san oidce deiridís an paidir seo: -
"Co[i]gleann muid an teine seo
Mar coigleas Críost
Muire na bun Bríd na bárr
Dhá aingeal fiche ag cumhdach an tighe seo
Mo theach is mo theine go lá"Sul a racadh- siad a codlag deiridis :-
"Luighfidh mé le Iosa
Go luigfidh Íosa liom
Má fágamh bás ins an oidhche
A Íosa Mhuire agus Iosep bhíodh sibh taobh liom".Nuair a biodh siad ag fhágáil an t-seipéil deiridís: -
Slán leat a Íosa go fillidh mé arist ort.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mairtín Mac Giollarnaith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál O Maoldomnaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe