Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0087

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0087

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
  2. XML Leathanach 0087
  3. XML “Scéalta”
  4. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tá sgían agam agus bhainfidh mé an ceann díot. Ní bhainfhidh tú é. Bíod beag le rádh agat anois. Is féidir liomsa draoidheacht a oibriú ort. Leag an mada a ruball ar an bfhear agus bhí an fear in a chat agus d'imhthigh síos san uisce. Bhí cainnt ag gach ainmidhe a bhíod san tobhar. Bhíod siad ag troid nuair a bhíod ainmhidhe óg ann. Bhí gach cineál draoidheacht ag na ainmidhe a bhí ann. Nuair a cuala na sagairt é bhiód siad ag. léigheamh Aifrinn chun nach mbeadh aon nídh le féicheal ann níos mó. Níol rud ar bith mar sin ann anois buidheas le Dia.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí capall ar an mBóthar Fánach agus ghoid na tóirí í agus tug síad síos go Maidí Bhun Duibh. Sé an t-ainm a bhí uirri na Moll Dubh an Ghleanna. Nuair a bhí sí trí lá imtighthe tháinig fear ag siubhal thart agus dubhairt se leis an bfhear a bhí sí imtighthe uaidh go raibh sí síos ag Maidí Bhun Duibh. Nuair a chuaidh sé ar a tóir bhí bailiúghadh mór roimhe ag Droichead ó na gCeann.
    Dubhairt siad leis go gcaithfhead sé an oidhche a fhaire mar go raibh rud 'ghá aireachtáil ann. Dubhairt sé leobhtha dul abhaile ar fad agus go bhfhanadh sé féin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máirtín Mac Ghiollarnáith
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Seoladh
    Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe