Scoil: Tamhain (uimhir rolla 15679)

Suíomh:
Tamhain, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
C. Bean Uí Thréinfhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0291

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0291

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tamhain
  2. XML Leathanach 0291
  3. XML “Seán Ó Slataire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Ó Slataire.
    Bhí fear scaitimh ó shoin, 'na chomnuidhe imbaile na móinteacha míle beag siar ó Bhaile a' Chláir. Seán Ó Slataire ab'ainm dó. Ní raibh Seán saidhbhir ach bhí sé bocht, boct gan stór. 'Sé an t-slighe máireachtála is mó a bhí aige leasú agus deasú bóthar mór. Bhí sé pósta, Máire a b'ainm do'n bhean. Bhí muirghín mhór páistí air, agus bhíodh buachaill aimsire aige ag obair in éindigh leis ar na bóithribh. Bhí dearbh-shúir dó sa teach freisin. Brigidh ní Slataire a b'ainm dí. igCeann Scaithimh mar is ionndamhail, phós a dearbh-shúir, Brigidh. Agus sé'n áit a fuair sise an fear thuas in Árd na Raithnigh. D'fhan sí suas in éindigh le n-a fear nuair a a [!] bhí sí pósta. D'oibrigh Seán leis é fhéin ar na bóithribh. 'Sé bóthar a bhíodar ag deasú ó sheipéal Bhaile 'A Chláir go Tobair na Caillighe in Uaránmór.
    imBéal an Fhoghmhair a bhí ann idir an speal is an corrán agus 'sé an áit a raibh Seán agus an buachaill ag obair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1792A: The Priest's Pig
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Michéal Ó Fathaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tamhain, Co. na Gaillimhe