Scoil: Tamhain (uimhir rolla 15679)
- Suíomh:
- Tamhain, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: C. Bean Uí Thréinfhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tamhain
- XML Leathanach 0333
- XML “Deor Aithrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deór Aithrighthe.San am fadó agus ní an-fhada ó shoin bhí na tighernai talmhan an danraighe. Bhí siad ag caitheamh na daoine bocta amuigh ar thaobh an bhóthair Daoine bocta a bhí gan caoi gan slighe can airgead gan ór, gan maon gan stór. Ní raibh min mánla ná airgead acu. Tuairim an ama seo ar a bfuilmuid ag cainnt air mhair lánamhain bhoct ar a' gCloch Mhaol lámh le Cear mór. Seán agus Máire a bhí ar an lánamhain boct seo. Tháinig an tighearna talmhan nó báile an tighearna talmhan agus chaith sé amach Seán agus Máire go mí-thróchaireach ar leath-taobh an bhóthair. Lanamháin bocht a bhí gan suipéar, bricfeasta ná dinnéar ná fios acu cá bhfuighidís é. Bhí cead acu dul 'na rogha ball d'Éire ag lorg cabhrach. Bhuail siad leobhtha soir an bóthar gan fios acu cá raibheadar a' dul ná cá rachaidís. Ní an-fhada chuadar soir bóthar Muine-Mheadha nuair casadh claidhe mór(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Fathaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tamhain, Co. na Gaillimhe