School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0003
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tamall i n-a dhiaidh sin tháinic siad suas lé síbín. "Tá sé comh maith dhúinn " ar san fear ó Mhuigheó
    " dul isteach 'is deoch leanna a bheith againn". Chuaidh siad isteach agus fuair siad a gcuid leanna. "Anois" ar san fear ó Mhuigheó "Nuair a beas sáthach leanna ólta againn tosuighimuid ag achrainn lé chéile cé againn a íocfas an bille agus bíodh aon duine agaibh ag iarraidh é íoch. Annsin cuirfimíd púcóg ar bhean an tighe agus cé againn a ghabhas sí beidh ar an leann a íoch".
    Glac bean an tighe leis an socrú sin agus chuir siad an púcóg uirthi. Bhí na spailpíní ag slópáil amach an doras de réir mar bhí said ag fághail deis air agus ba ghearr go raibh siad as amharc. Tháinic fear an tighe isteach í gceann tamaill. Chomh luath 'is dairigh an bhean é rug sí greim phíobáin air. "Is leatsa an recnáil a íoc ar fad" ar sise. "Ara a h-anam agus do chorp a chorrca óintighe, an as do chéill atá tú" ar seisean ag tabhairt buille dhá bhois dhithi.
    Shroich na spailpíní síbín eile. Dubhairt fear Mhuigheó go mba cheart dóibh dhul isteach agus barrilé eile a shlugadh: Dubhairt fear as gailllimh go mb'éidir nach
    n-éiréochadh leis comh maith leis an gcéad uair. Ar aon nós chuaidh siad isteach agus nuair a bhí a sháith ólta aca bhuail an fear as Mhuigheó an barrala leann . Thosuigh sé ag moladh leann leis an mbean agus dubhairt sé go bhfaca lubh ar thaobh an bhóthair agus ma chuiirfeadh siad an lubh sin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Folktales index
    AT1731: The Youth and the Pretty Shoes
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Gender
    Male
    Address
    Clais an Ghainimh, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Párthalán Ó Coisdealbha
    Relation
    Parent
    Gender
    Male