School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0120
- XML “An <span class="exact">Rath</span> agus an Drochrath”
- XML “An <span class="exact">Rath</span> agus an Drochrath”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear go bhfuil sé mí-ádh-amhail iarraidh ar an tsagart duine atá ag fághail bháis a bhisiú Mur go bhfuigheadh duine eile do'n muirigin bás leis an ngalra céadna. Tá sé ráidthe nach ceart tobar fíor uisge a shalú. Nigh bean olann i dtobar uair amháin. Tháinig baladh ins an dtobar d'imthigh sé as amharc agus d'éirigh sé in áit eile.
Deirtear go bhfuil sé mí-adhamhail seomra a thógáil chuig an taoibh tiar do theach. Rinne fear e sin agus fuair a mac agus a dhá uncail bás i gceann blian o'n lá sin. Fuair a inghean bás agus bhí na gúnaí ceannuighthe aici le haghaidh a pósadh. Chaill duine eile aca maighisréas sgoile a meabhar acht tá sí beo fós.- Collector
- Seosamh Breathnach
- Gender
- Male
- Informant
- Micheál Ó Maolain
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Bhí bean saidhbhir i dTuaim fadó agus lá amháin tháinig bean bocht chuig an doras ag iarraidh déirce. Nuair a chonnaic an bhean saidhbhir í dubairt sí "imthigh leat tá tú cosamhail le cróin agus muirighin mac agat" ar sise. D'imthigh an bhean leí. An céad leanbh eile a bhí aici féin bhí ceann muice uirri. Chaill an bhean an méid airgid a bhí aici cun í a leagheas acht níor fead sí. Bhí a croidhe briste.(continues on next page)