Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- Suíomh:
- Gaillimh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deocacha Fiacal
Dá bhfuightheá fiacal capaill gan a bheith dhá thóruigeacht agus e a coinneál ní bfuightheá deocacha fiacal arís go bráth.Tinneas Cinn
Bhí sean-bhean i mBaile Clár na Gaillimhe fadó. Bhiodh sí ag tomhais cloigne na ndaoine a raibh tinneas cinn ortha le ribín dubh. Déarfadh se go raibh na cloigne ataighthe le neart a' tinnis. Bhí amhar aice le (paidir) paidreacha eicínt leis an t-at a laighdiú.Fainí
Sé an leigheas a bhí ag cuid de na sean daoine ortha fadó ná breith ar an gcéad seilmide a'laigreach a casfaidhe ortha breith air agus é a choimilt de'n fháine i gcuma na croise. Spíc a chur tríd annsin agus é a greamughadh de'n talamh leis. Éa fágail annsin go dtréigfeadh sé féin is an fháine le chéile.(leanann ar an chéad leathanach eile)