Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- Suíomh:
- Gaillimh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luigheann sí go híseal, éirigheann sí go hárd caitheann sí bróga agus ní'l aon bhróga aice?
Fr. Líathróid.
Céard a fhásas síos?
Fr. Ruball.
Mo shean dheaide bocht agus a mhaide fá'n ucht agus é ag ól deoch i dtobar na (féiseóige) féasóige?
Fr. an mun sop.
Cé méid cos ar ocht muilt?
Fr. Péire.
Chaith mé suas é chómh geal le sgilling agus tháinic sé anuas chómh buidhe le gine?
Fr. Ubh.
Bairille ar an t-sráid agus dhá shubhail dúinte?
Fr. Ubh.
Tobairín fíor uisge i lár an bhaile, bolta iarainn agus postaí maide?
Fr. ceag fuisge.
Chomh bán (h-ard) le bainne, chómh hárd le balla, chómh milis le mil agus chómh dearg le fuil?
Fr. ubhall.(leanann ar an chéad leathanach eile)