Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- Suíomh:
- Gaillimh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí tighearna talamhana ann fadó agus bhí sé an-t-saidhbhir agus d'fhág sé tighearna eile ós cíonn an talamh. Thárla go raibh bhean an-bhocht san áit agus ní raibh sí indon an cíos a ioc agus bhí an tighearna seo a dul dá a chur amach as an teach an lá seo. Bhí an tighearna niór ag dul thart an lá seo agus tháinic slabhradh ocrais air. Chuaidh sé isteach i dteach na mná seo agus d'iarr sé béile ar an mbean, Chuirfinn-se síos pota fataí dhuit ach cé'n mhaith dhuit iad gan aon bhlas leo. Tá an tanlan agam féin adheir sé agus rug sé greim ar sgian phóca a bhí ar an mbord agus sháith sé an mhuic agus dubhairt se léithe a beith ag ithe go mbeadh a sáith íthte aice. Thug sé leitir dhé nuair a bhí sé ag imtheacht agus nuair a tháinic an tighearna talamhana eile thug sí an leitir dhó agus dubhairt sé léithe go raibh a chosa nighte aice.
Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag ioc a chuid cíosa go maith nó gur bríseadh as a phost é. Nuair a briseadh ní raibh aon airgead aige le h-aghaidh an cíos a ioc. Ní raibh aon ola aige agus ní raibh siad indon aon(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig O Bhailís
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seansráid an Teampaill, Co. na Gaillimhe