Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)
- Suíomh:
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Mearacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhras
- XML Leathanach 0008
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)26. Ní féidir bheith ag feadaghil as ag ithe míne.
27. Mara mbí agat acht pocaide gabhar bí i lár an aonaigh.
28. Is fearr cinn na ceann.
29. Níl aon teinteán mar do theinteán féin.
30. Nuair a bhíonn an cat amuigh bíonn na lucha ag rinnce.
31. Giorruigheann beirt bóthar.
32. Más cám díreach an ród sí an bóthar mór an taithghiorra
33. Is giorra cabhair dé ná an doras.
34. Is maith sugh bó beo nó marbh.
35. Más gar dhuit do cóta is giorra dhuit do léine.
36. Is fearr leath builín ná arán ar bith.
37. An té nach cuirreadh san earrach ní bhainfeadh sé sa bhfoghmhar.
38. Briseann an duthchais tré shúilibh an chait.
39. Ní h-iad na fir mhóra a bhainfeas an foghmhar i gcomhnuidhe
40. Na trí rudaí is deacair a mhúineadh bean, muc agus muaille.
41. Buail an t-iarann an fhaid atá sí té.
42. Is fearr go deireanach ná go bráth.
43. Nuair a labhaireann an chuach ar crann gan duileabhar díol do bhó agus ceannaigh arbhar.
44. Níl satharn sa mblian nach soilsgheann an grian.
45. Comh glic le sionnach.
46. Éist lé fuaim na h-abhainn agus geobhadh tú breac.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghloinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúros, Co. na Gaillimhe