Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0135
- XML “Scéaltaí faoi Thimpistí Farraige nó Thóiteán Mór a Tharla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis". Lá ar na bhárach chuaidh sé go Gort Inse Guaire agus chuir sé isteach ar £300.
(4) Bhí bean i na comhnuidhe i nDubhros agus bhí sí thar-éis teacht ó theach na ngealt. An oidhche seo d'éirigh sí agus chuaidh sí amach agus chaith sí í féin isteach san bhfairrge.
(5) Bhí "crowd" mór daoine ag obair le Mr. Scoufle i bFinn a' Mhara agus bhí siad ag piocadh cairrgín agus teinte móra móna soillseacha aca. Bhí fear ann dárbh' ainm dó Pádraig Ó Fathaigh agus bhí sé ceann-éadtrom. D'imthigh sé ó na daoine eile agus chuaidh sé go dtí tobar fíor-uisge agus fuair sé slabhraí ann. Chaith sé na slabhraí thart ar a ghualainn agus thosuigh sé ag siubhal ar na bráithíní (clocha beaga trágha) ag [!] bhí sé ag déanamh an oiread gleo gur shíl na daoine gur cóiste-bodhar a bhí ann. Rith siad in aghaidh a chéile agus iad ag tuitim. Thuit páiste beag isteach san teine móna agus dóghadh go mór é nó gur tharraing duine eile é ó'n dteine. Bhí na daoine go léir ag baile agus bhí siad ag imirt cártaí. Tháinig Ó Fathaigh isteach agus rinne sé ar an leabaidh. Nuair a bhí sé cúpla uair sa leabaidh thosuigh sé ag gáire agus d'iarr na daoine air cé'n fáth go raibh sé ag gáire agus annsin d'innis sé an rún do na daoine.
(6) Bhí fear 'na chomhnaidhe í bPáirc Ruadh agus sé an t'ainm a bhí air ná Seán Ó h-Éidhin. Timcheall a h-aon a chlog san oidhche tháinig na Black and Tans agus thug siad cipín do'n teach. Nuair a bhí na 'Tans'(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Congaoile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gorta Buí, Co. na Gaillimhe