School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Northampton
- XML Page 0134
- XML “Scéaltaí faoi Thimpistí Farraige nó Thóiteán Mór a Tharla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(2) Bhí simléir glantóir i gCinn Mhara uair amháin. Nuair a bhí an obair déanta aige tháinig sé amach an bóthair agus chuaidh sé isteach san bhfairrge agus thosuigh sé ag folcadh leis an súigh agus an salachar a ghlanadh. Nuair a bhí an snámh réidh aige triomaigh sé é féin. Bhí rópa mór aige agus cheangal sé an rópa timcheall an chloich agus agus [!] cheangal sé an rópa timcheall a chum. Shuidh sé sío[s] ar an ngainimh agus bhí in dáil le bheith 'na chodla[dh] nuair a tháinig na tonntracha móra agus scuab siad an fear in aghaidh an bhalla agus briseadh a chnámhaí go léir. An "stile" a chuaidh sé isteach ann tugtar "Stile an Simléir Glantóir" air.
(3) Bhí fear 'na chomhnuidhe i gCeathrú Garbh dárbh' ain[m] dó Mícheál Ó h-Éidhin agus bhí sé an-saidhbhir. Bhí teach mór breágh aige ar nós páláis an Ríogh agus bhí an teach "insured" aige. An lá seo bhí sé ag dul go Gaillimh agus chuir sé splannc isteach i lár na leapthan. Bhí an teine ag fhadú de réir a céile nó go raibh an teach go léir tré théine. Nuair a chonnai[c] na buachaillí aimsire é rinne siad iarracht stop a chur leis acht níor éirigh leo. Bhí na rudaí measracha go léir millte. Níor shábaíliú acht uaireadóir óir. Nuair a tháinig an fear abhaile dubhairt sé "ó, ó céard a tháinig ar mo teach?. Ní raibh sé curtha "about" ar bith faoi. Chuir na buachaillí aimsire fios ar na "peelers" agus rinne siad iarracht an teine a chur amach ach dubhairt an fear "ná bac leis, ní féidir cosc a cur(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Congaoile
- Gender
- Male
- Address
- Gorta Buí, Co. na Gaillimhe