Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0139
- XML “Scéalta faoi na Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rud dhuith is beidh leigheas agat le chuile dhuine" arsa sé "ach ná innis aon rud a chonnaic tú acht má innsigheann ní bheidh aon mhaith ins an mbuidéal". Thug sé an buidéal di annsin. "Is gearr go caillfear [> gcaillfear] mise" arsan 'lad'. Fuair sé bás go luath in a dhiaidh sin. Sin í 'Biddy Early' anois.(5) An lá seo nuair a bhí an ghrian ag dul faoi chuaidh an fear seo amach go dtí gort a bhí istigh i lár coille ag [!] bhí sé ráidhthe go raibh sidheóga ann. Nuair a tháinig sé ann chonnaic sé lomra ór agus é ceangailte de chrann dairighe le targne agus ag bun an chrainn bhí leamhan nach rachadh a chodhladh de lá ná d'oidhche acht ag déanamh siorfhaire ar an lomra agus do shluigfeadh sé 'na chraos mhór aonne do thiocfadh i ngaobhar i dhiaidh an lomra óir. Acht bhí na sidheóga ag iarraidh an lomra a fhághail. Thosuigh fir iarainn ag éirighe as an talamh ar fuid an ghuirt. Bhí cuid aca nach mór as an talamh agus bhí cuid aca ós cionn an talamh ó na nglúnaibh cuid aca ó na másaibh agus ní raibh cloigeann nó éadan le feicsint ar aon duine aca. Acht gach duine a thiocfadh in aice leis an lomra d'ithfeadh an leamhan é. Tháinig faitcíos ar an fear mar shíl sé go n-íosfadh an leamhan é. Rith sé leis féin. Tháinig sé go gleann a bhí abha ag rith tríd agus bhí droicheadh beag adhmaid ag dul treasna air. Chuala sé torann mór agus thuig sé ar an nóiméad céard a bhí ann. Bhí an uisge ag teacht síos ó na cnoca mar bhí sé ag bástighe. Nuair a bhí sé ar an droichead sgiorr a chos. Nuair a sheas sé suas bhí sé ró-deireannach mar bhí ann uisge ag teacht suas an abha agus bhí fhios aige go sguabfadh sé an droichead agus go marbhóchaidh é. Do sheas an ghruaig ar a cheann mar a sheasfadh na cuileóga air an gráineóig. Bhí sé tuigthe suas aige. Nuair a bhí an uisge i ndán troigh dó tháinig solas augs scar sé a solas ar chuara bán an t-uisge. Ar an nóiméad scap an uisge agus chuaidh sé thar an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Riocáird de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe