School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Northampton
- XML Page 0139
- XML “Scéalta faoi na Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rud dhuith is beidh leigheas agat le chuile dhuine" arsa sé "ach ná innis aon rud a chonnaic tú acht má innsigheann ní bheidh aon mhaith ins an mbuidéal". Thug sé an buidéal di annsin. "Is gearr go caillfear [> gcaillfear] mise" arsan 'lad'. Fuair sé bás go luath in a dhiaidh sin. Sin í 'Biddy Early' anois.(5) An lá seo nuair a bhí an ghrian ag dul faoi chuaidh an fear seo amach go dtí gort a bhí istigh i lár coille ag [!] bhí sé ráidhthe go raibh sidheóga ann. Nuair a tháinig sé ann chonnaic sé lomra ór agus é ceangailte de chrann dairighe le targne agus ag bun an chrainn bhí leamhan nach rachadh a chodhladh de lá ná d'oidhche acht ag déanamh siorfhaire ar an lomra agus do shluigfeadh sé 'na chraos mhór aonne do thiocfadh i ngaobhar i dhiaidh an lomra óir. Acht bhí na sidheóga ag iarraidh an lomra a fhághail. Thosuigh fir iarainn ag éirighe as an talamh ar fuid an ghuirt. Bhí cuid aca nach mór as an talamh agus bhí cuid aca ós cionn an talamh ó na nglúnaibh cuid aca ó na másaibh agus ní raibh cloigeann nó éadan le feicsint ar aon duine aca. Acht gach duine a thiocfadh in aice leis an lomra d'ithfeadh an leamhan é. Tháinig faitcíos ar an fear mar shíl sé go n-íosfadh an leamhan é. Rith sé leis féin. Tháinig sé go gleann a bhí abha ag rith tríd agus bhí droicheadh beag adhmaid ag dul treasna air. Chuala sé torann mór agus thuig sé ar an nóiméad céard a bhí ann. Bhí an uisge ag teacht síos ó na cnoca mar bhí sé ag bástighe. Nuair a bhí sé ar an droichead sgiorr a chos. Nuair a sheas sé suas bhí sé ró-deireannach mar bhí ann uisge ag teacht suas an abha agus bhí fhios aige go sguabfadh sé an droichead agus go marbhóchaidh é. Do sheas an ghruaig ar a cheann mar a sheasfadh na cuileóga air an gráineóig. Bhí sé tuigthe suas aige. Nuair a bhí an uisge i ndán troigh dó tháinig solas augs scar sé a solas ar chuara bán an t-uisge. Ar an nóiméad scap an uisge agus chuaidh sé thar an(continues on next page)
- Informant
- Riocáird de Búrca
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Cahermore, Co. Galway