Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(5) Seile Síothchán (?) Síothán (?) :- Tinneas scórnaighe é seo - sort cnámh a thuitfeas as a áit agus bíonn an duine ag tachtadh. Tá ribe gruaige faoi leith ar cheann gach duine, agus an té go mbíonn an t-eolas aige air tá sé in ann an seile síothán a árdú ach breith ar an ribe seo, agus an duine a chrochadh de'n talamh.
(6) Cos Tinn :- Téirigh amach le láidhe ag romhair faaoi [?] chrann coll, agus déanfaidh sé leas do'n chos.
(7) Má tá duine tinn sa teach, ba cheart d'fhear a' tighe cearc a mharbhú faoi mheadhon oidhche ag í a chaitheadh thar chlaidhe ag cros-bhóthair.- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe