Scoil: Cill Éinne (Killina) (uimhir rolla 12818)
- Suíomh:
- Cill Eithne Thoir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire C. Ní Ghríobhtha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0152](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0048%2FCBES_0048_0152.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0152
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair bhíos na gais ag borradh os cionn talmhan cuireann an feilmeóir cuid mhaith aoiligh amach ortha, agus déanann sé é do sgaradh ar na driollaí. Fágtar annsin é le h-aghaidh roinnt lá agus annsin dúntar na driollaí lé cheacht. Seo mar a déantar é:-
Ceannuightear leasú agus bheirtear mala de chuig an ngort. Tosuigheann fear ag crathadh ar na driollaí an leasú seo, agus tagann fear eile in a dhiaidh; agus a chapall gabhtha fé’n gcéacht aige chin na driollaí a dhúnadh. Tar éis críoch a cur leis an obair seo déantar na driollaí a leagadh le cairt.
I rith an t-Samhraidh fásann na gais suas go glas, agus ó ám go hám déantar fiadháile a ghlanadh asta ionnus go rachadh an t-aer isteach. I mí an Iúil déantar na fataí a spréidheamh sa gcaoi seo. Ceannuightear trí nó céithre púnt de cloich-ghuirm, agus measctar le an méid céadna sóid ngeacáin agus uisce é. Bíonn inneall ag cuid des na feilmeóiríbh leis an spréidheamh a dhéanamh, ach is le sguab fhraoich a dhéanann an cuid is mó díobh an obair. Líontar buicéad leis an spréidh, agus sáithtear an sguab fhraoich isteach ann. Craithtear an spréidh ar na gasaíbh annsin as an sguab fhraoich. Déanann an spréidh seo na fataí a choinneál slán ó’n ‘‘dubh’’.
I ndeire an fhóghmhair tosuightear ar na fataí a bhaint. Gabhann an feilmeóir a chapall fé’n gceacht agus trabhann sé na driollaí. Téigheann sé ar a ghlúnaíbh annsin agus tosuigheann sé ag crúbadh sa gcaoi seo:-
Géibheann sé píosa stáin agus cuireann sé lúb ur ionnus go mbíonn sé éasgaidh na fataí a iompuigh amach. Tagann na mná(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Rálf
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Chonnaidh, Co. na Gaillimhe