Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé Dia a chruthaigh na h-éanlaith agus mar gheall ar sin tá orainn gan díogbháil a dhéanamh ortha. Is beag tír ar fúaid an domhain nach bhfuil éanlaith ann. Tá dhá shaghas ann, éanlaith tighis, agus éanláith fiadháin.
Siad na h-éanlaith is mó atá coitchianta ina dhúthaigh féin ná an spideóg, an lon-dubh, an smólach, an colúr, an snag, breac, agus an dreoilín. Bíonn an chuid is mó de's na h-éanlaith againn an blían ar fad ach amháinan fhainleóg, an chuach, agus an traona, a théigheann go dtí tíortha eile. Is ionghantach an cuma a théigheann na h-éanlaith. Fanann said go mbíonn an oidhche ann agus annsin tagann siad go dtí balla ard. Imnighid leo as an balla sin i lár na h-oidhche go dtí tíortha eile. Ní imtigheann an chuach go dtí go mbíonn gráinne cruinntheachta, grainne eórna, agus gráinne seagal aicí 'na ghob. Is i mbarraibh na ngéag a dhéineann an chuid is mó de na h-éanlaith a nead ach amháin an chúach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Uí Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe