Scoil: Baile Locha Riabhach (Clochar)
- Suíomh:
- Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Proinnsias
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mach le Fionn Mach Cúmhail do beadh Oisín agus bhíodar lá a seilg in Gleann na Smól Fionn agus na Fianna agus bhí Oisín leo freisin agus dhúisighdar fiaidh buinean, leanadar fhéin is a bpaca gadar í agus bhíodar in a dhiaidh go tráthnóna agus tug ar fad suas ach amháin dhá ghadhar Fhinn Bran agus Sceolán agus nuair a thainic na Fianna suas leithe chonnachadar nar raibh Bran ná Sceólán ach ag déanamh spóirt leithe agus thug Fionn an fiaidh abhaile leis Dubharit sé nach bhfuair sé a dhothain fiaidach ariamh go dtí an lá sin agus nuair a d'éirigh Fionn ar maidin chonnaic sé Béan óg áluinn ionáit an fhiaidh dubhairt sí gur bhí féin neamh chinn óir inghin rí thír na n'óg, agus go gcaitfeadh sí Oisín mach Fhinn as Éirinn fhaghail le pósadh. D'imtigh sé féin agus Oisín ar eac bán agus dubhairt sí leis.
"Is tusa Oisín mach Fhinn
as Éire ghlas na bhfiann."
Is géarr go mbeidh do luing i rith le cóir i triall ar an mbaile cúain i mbeidh na mílte fáilte romainn nuair a shroichfeas muid anonn go tir na n'óg. Chaith sé trí chead bliain sa tir sin agus bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Lochlann
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe