Scoil: Baile Locha Riabhach (Clochar)
- Suíomh:
- Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Proinnsias
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Choinic mé bean sidhe ar sleasa an Chnuic athraigh agus folt gruaige anuas léi in a dhual is i dá réidhreach. Bhí sí ráidhthe go gcaoineadh an bean sidhe cuid de na daoine nuair a bheithdís le bás d'faghail. Bíodh a cuid caoine ní badh h-uaignigh ná caoine saoghalta. Bhí sí cuma eicínt ar nós céol brónach, truaighmhéalach. Chuala mé go ndearna gréasaidh péire bróg d'fhear agus daithin an gréasaidh nuair a bhí sí ag déanamh na mbróg nach bhfuigeadh an fear a bheadh dá gcaitheamh móran saoghail an fear a raibh na bróga air annsin, chuaidh sé go America agus ní raibh sé i bhfad ann nuair a cailleadh é agus an oidhche a bhfuair sé bás bhí bean-sidhe ag caoineadh in aice a thighe in Éirinn.
Caoineann sí slioght na sean Gaedhil na "macs" agus "o" Mach Domhnall agus Ó Fleathartaigh.- Bailitheoir
- Fredda Conway
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe