Scoil: Baile Locha Riabhach (Clochar)
- Suíomh:
- Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Proinnsias
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Neanntóg.M'athair mór ar chúl an chófra
agus dhá chéad cóta air?
gas gabáiste.Siúd thall ort é, ní trom leat é,
Ní ball de bhaill do chuirp é
'S tá sé ort in a dhiaidh sin.
d'ainm.Teachtaire beag ó theach go teach,
A chodluigheas amuigh 'san oidhche.
Bóithrín.Siúd ins an gclúid é
's dhá chéad sul ann?
Críathar.Tógfainn in mo ghlaic é
's ní chuirfeadh an rí gad air?
Gaineamh.Corcán óir lán d'fheóil bheó?
Méaracán.Cé'n mhí is lugha a ghní mná cainnt?
I Mí Feabhra.Droichead ar loch gan maide gan cloch?
Leach-oidhreCéard tá níos duibhe nach an fiach dúbh?
A chuid clúmaigh.Cé mhéad cos ar mhuilt?
Dhá chois.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Domhnalláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe