School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0013
- XML “Cromail an Caibléara Bróg”
- XML “Nuair is Cruaidh don Chailligh Caithfidh Sí Rith”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé an inghean ní bhfuighfeadh sé ar chor ar bith í. An inghean ba shine a bhí an Rígh sásta a thabhairt lé pósadh dhó, mar ba cloigeann muice a bhí uirthe. Nuair a bhí an bhliadhain caithte chuir an Rígh litir ag Cromail ag fiafhruigheadh an raibh sé ag dul dhá pósadh. Bhí Cromail dhá bhearradh fhéin nuair a fuair sé an litir agus ní raibh acht leath-leiceann bearrtha aige. Dubhairt sé leis féin ó ba í an inghean ba shine a bhí le fágháil aige nach mbeadh aon bhaint aige le h-aoinne a raibh cloigeann muice air. Bhí sé san litir freisin go raibh an inghean ba shine sáthach maith aige mar go mba caibiléara bróg a bhí ann. Ghearr sé a sgórnach acht na dhiaidh sin mhair sé an fhad is ba mhaith leis féin. Tháinig sgéal an Bhráthair Bháin isteach fíor.
- Nuair is cruaidh don chailligh caithfidh sí rith.Bhí cailleach in a comhnuidhe taobh thoir do Ghaillimh uair amháin. Ní chorruigheadh an chailleach seo as an luaith ar chor ar bith. Bhí beirt mhac aice agus siad an chlann mhac a ghníodh an obair dí. Bhí(continues on next page)
- Informant
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cladhnach, Co. na Gaillimhe