School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
![The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0043](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0043.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0043
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0043
- XML “Diarmuid Súgach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dtí an bhruidhean. Bhí an doras oscailte roimhe, isteach leis agus chuaidh sé i bhfolach ar chúl an dorais. Níorbh fhada dó annsin go dtáinig na sidheógha go léir ós a chómhair agus thosuigheadar ag cainnt agus a cómhrádh ar a gcuid oibre an Oidhche Shamhna roimhe sin. "Bliadhain san oidhche anocht" arsa ceann aca "bhain Diarmuid Súgach inghean Rí Laighean dínn. Ní dhearna sí smigeadh ná gáiridhe leis ó shoin". "Fíor duit" arsa an tsídheóg eile. "Acht ní bheidh sí i bhfad mar sin dá ndéanfadh sé an biorán suain atá i gcúl a chinn a bhaint as agus beidh sí chomh maith is a bhí sí ariamh". "Tá go maith a bhuachaill" arsa Diarmuidh leis féin "beidh fhios agam an fíor dhuitse sin". Chuadar ag imirt beart agus cluiche annsin. Thugadar amach an t-Adhastar Buidhe agus bíodhar dá sgaoileadh thart. Chuaidh Diarmuid 'na measg i ngan fhios dóibh agus nuair a tháinig sé go dtí é choinnigh sé é. Chuir sé in a phóca é agus dimthigh sé.
Nuair a chonnacadar nach raih an t-Adhastar Buidhe lé fágháil dubhairt duine - "cuirfidh mé geall gur theangmhuigh Diarmuid libh agus gurbh é thug uaibh é. Amach do sgiatán lé gach duine aca ina dhiaidh agus bhéarfaidís air(continues on next page)- Informant
- Pádraig Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 28
- Occupation
- Mac feirmeora
- Address
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe