Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 268
- XML “Lá Fhéile Mártain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtus. Fear mór tréán a bhí ann agus ní raibh cead agus duine ar bith boct a teact isteac in a teac. Act lá amháin tháinic fear boct isteac ag iarraidh déirce ar an gcailin act dubhairt sí nac raibh cead aice é do tabhairt dó. Act bhí truaig aice do mar bhí sé ag breathnughadh go h-an boct. Tug sí cuid don taois do. Dubhairt sé leí é a cuir a bruith do. Cuaidh sé amac annsin. Nuair a bhí an pota ag taistáil uaid an gcailin. Tóg sí an clár de bhí arbhar ag fás ann. Gloidh sí ar an bhfear an tigh agus dinnis sí dó é. Dubhairt sé leí adul amac agus é a tabhairt isteac. Cuaidh an cailin amac act ni bfuair sí é. D'iompaig Mártan in a caitiliceac agus fuair sé baiste.
Sgéál faoí Naomh BríghidNuair a bhí Naomh Bríghid dhá bhlíadhain d'aois. Thug a máthair leí í go dtí tom. Páisde a bhí caíllte ar choll cathair dí. Bhí máthair an páisde ann brónach. Nuair a tháinich siad isdeach chuadhar go dtí an áit a raibh an páisde cáillte. Chuaidh Bríghid go dtí an páistde freisin agus nuair a leag sí a láimh air d'eirigh sé ón mbás arís. Sin é an chéád miorbhúilte a rinne sí agus gan í ach dhá bhlían d'aois.
Sorcha Ní Ceannabháin
Ardmhór
Cárna- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ceannabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe