Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)marbhuigh sé duine naomhtha eicínt. Níl fhios agam nách sagart féin a mharbhuigh sé, acht ar aon chaoi b'éigin dó dul ar a théicead agus chaith sé scatham mór ag imtheacht. Ar deireadh thiar thall casadh ar bhord soithigh é agus lá amháin agus an soitheach ag seóladh leí, gan gala gan fairrige mhór ann thosaigh sí dhá báitheadh agus gan fios céard a bhí dhá báitheadh. Ghlaoidh an caiptín ar an bhfuireann ar "deic" agus dubhairt sé go raibh duine éigin ar bord a raibh coir mhór déanta aige agus gur mar gheall air a bhí an soitheach dhá báitheach. Nuair bhreathnuigh an fear seo a bhí ar a theiceadh i dtosach na luinge céard d'fheicfeadh sé ag snámh ar bharr na fairrige acht an fód céadhna a bhain sé bliadhanta roimhe agus an das fraoigh fásta air. Bhí fhios aige annsin go raibh sé réidh agus d'admhuigh sé go ndeárna sé an an coir agus amach leis de léim ó thosach an t-soithigh go dtáinic sé anuas ar an bhfód agus síos leis féin agus leis an bhfód go tóir an phuill. Dímthigh an soitheach annsin agus gan baoghal báidhte uirthe.
Mícheál Ó Hannagáin oide scoile a fuair an scéal seo thuas ó Phádhraic Ó Maoláin (82) Cillrónáin, Árainn:- Bailitheoir
- Micheál Ó Flannagáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Maoláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe