Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)freisin acht ní "sums" mar tá anois ann acht "Subtraction". Marbhóchadh sé muid dá labhruigeadh muid aon fhocal Gaedilge agus bhíod sé ag casaoid le na muinntear orainn. Bhíodh muid ann píosa maith den lá agus bhíodh muid stiúctha leis an ocras. Tá’s agama aon lá amháin gur chuir an bhaintreabhach síos bácús fatai agus leag sí again iad. Bhí cailín mór amháin ann a bhí níos láidre ná an chuid eile again agus badh mhór liomsa a raibh sí ag ithe de na fataibh agus chaith mé fata léi agus bhuail mé sa tsúil í. Thug an máighistir leath mharbhadh orm agus níor thaobhuigh mé é uaidh sin amach. Tá tighthe eile annseo anois agus rinneadh le h-aghaidh tigthe scoile iad sul mar rinneadh an scoil náisiúnta annseo. Bhí scoil I gCillrónáin agus I bFearann an Choirce deich mbliadhna fichead sul rinneadh aon scoil sa gceanntar seo acht na scoileanna seo ins na tigthibh a bhfuil mé ag cainnt ortha. Bhí scoil eile ann in Eóghanacht níos deireannaighe ná sin. “Ó Scannláin” a bhí ar an máighistir a bhí ag múineadh annsin. Bhíod leabhra beaga Béarla ag na gasúiribh aige sin acht sé an sagart parráiste a thugad dóib iad. Bhí corr “slate” aca freisin agus bhíod sé ag múineadh scríobhnóireacht, léightheóireacht agus “Sums” dóib. Sílim gur “Muimhneach” a bhí I Scannláin. Bhí an “Land League” ag tosuighe annseo an tam sin agus bhíod cruinneál corr uair ag na daoinibh i gCillrónáin agus bhíod an sagart ann. Bhíod Scannláin ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhioráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Faisnéiseoir
- Seánín Taim Ó Direáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sruthán, Co. na Gaillimhe