Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eoghanacht
- XML Leathanach 033
- XML “Béaloideas a Bhaineas le Olainn, Sníomhachán, Cardáil srl.”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus an olainn bán réidh. Sé an caoí a mbíodh "Birds Eye" déanta i gcaoí áithrid. Caithfeadh leath de chaon cineál a bheith ann agus roinnt olna guirme measgtha tríd freisin. Nuair a bheadh sé sin fighte bheadh bréidín deas ann. Sén sórt flannín é an "Birds Eye" flannín glas agus ruaine olann gorm measgtha tríd acht go bhfuil difruigheacht sa gcaoí a ndéantar é agus na flanníní eile. Ciathfidh an méid céadhna den olann bán a bheith agat agus a bheadh d'olainn glas. Mar a chéile a dhéantaoí an cuid eile. Is mar a chéile a dheantar an flainnín "Fígheachán Cnáimh an Sgadáin" acht sa bfígheachán a bhíos an caoí a gcuirtear na stríoctha ann. Déantar go leór cineálacha eile snáth freisin. lé h-aghaidh bréidín. Nuair a thugtar an snáth ag an bfígheadóir deibóigtear é agus fígheann an Fígheadóir é.
Nuair a bhíonn sé réidh ag an bfígheadóir tugtar abhaile é agus reamharuighthear é. Is mar sin a reamharuightí é. Cuirfeadh duine cómhla ar caon daobh de agus ceann mór eile faoí. "Stuc" a thugtaoí ar seo. Leagtaoí an bréidín isteach ann freisin agus cuimilightí é lé uisce te agus galaoireach agus bhídhtí dhá bhualadh seo lé na gcosa nó go mbeadh sé reamharuighthe. Annsin nightí é agus cuirtí ar triomú é agus bheadh sé réidh annsin.- Bailitheoir
- Brighid Ní Dhioráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Sruthán, Co. na Gaillimhe