Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 054](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0002%2FCBES_0002_054.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 054
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eoghanacht
- XML Leathanach 054
- XML “Miceál Riabhach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí mach amháin aige an uair sin Pádraic Mícil Riabaigh a tugtaí air, agus bhí sé 'na fear iongantac láidir. Bhí deirbsiúr aige agus bhí sé ráidhte go raibh sí 'na sídheóg. Níor chorraigh sí as an leabaidh ariamh acht bhítí ag tabhairt lídh aice ar an leabaidh.
Nuair chuirtí biadh aice, pláta leitean nó pér bith biadh a bhíod aca sciobadh sí leí an pláta, cuireadh sí an pluid ar a cloigeann agus d'ítheadh sí an biadh. Bhí muirigean de na Póinn 'na gcomhnuidhe in Eócaill an t'am sin agus bhí mór sheisear mac ann. Tháinig siad anoir oidhche amháin agus d'fuadaigeadar bean - de mhuinntear Póill freisin í - as Eoghanacht agus thugadar leó soir go h-Eochaill í. Níon leig an faithcíos dí muinntear na mná aon cheist a chur ortha bhíodar chomh h-iongantac láidir oilbhéasac sin acht fuair Pádhraic Michil Riabhaigh tuairisc air agus bhí gaol aige sin le Póill Eóghanachta agus chuaidh sé de siubhal oidhche go dtí teac na bPóill in Eochaill agus d'orduigh sé dóibh an bean a chur ar ais ag a muinntear. Thoisigh siad ar Phádhraic agus thosuigh seisean ortha. Rug cuid aca air agus fuair duine dhíoch corrán agus thosuigh sé dhá oibriú ar muinéal Phádraic. Chuir sé deis uathbhásac air leis an gcorrán acht creidim nár gearr sé an piobán amac is amac acht ar chaoi ar bith thug Pádraic na cosa leis agus thug sé leis an bean freisin gan buidheacas don mhór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ni Fhlannagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seainín Tam Ó Direáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 66
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sruthán, Co. na Gaillimhe