Scoil: Carnán (uimhir rolla 14031)
- Suíomh:
- An Carnán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tadhg Ó Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carnán
- XML Leathanach 003
- XML “Folachán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sgeach mhór inaice an tighe seo againne. Sgeach léim saighdiúra a tugtar ar an sgeich seo agus ta sé ráidhte go bhfuil ór curtha fúithi. Na fir bolg a chuir an t-ór i bhfalach agus bheadh faitchíos ar na daoine aon bhaint bheith aca leis an ór sin.Tá clais mór i bpáirc inaice an tighe agus tá árdán in a lár. Tá sé ráidhte gur troideadh cath thart ar an áit sin agus gur cuireadh na saighdiúirí san áit sin. Tá sé ráidhte freisin go bhfuil ór san áit sin agus tá an áit clúduighthe le aiteann agus tá coiníní in a gcomhnuidhe ins an áit.
- Bailitheoir
- Máire Ní Reachtuire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caisle, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Reachtuire
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Caisle, Co. na Gaillimhe