Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)
- Suíomh:
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dúnlocháin
- XML Leathanach 036
- XML “Naomh Cáilín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an oíche sin agus fuair siad a lán iasc. Do chreid sé i Naomh Cáilín annsin.
Thug fear easónóir do Naomh Cáilín. Bhí fear darbh ainm Richard Sloans ag obair san teach soluis i gCeann léime. Protustúnach a bhí ann. Lá amháin chonnaic sé a lán daoine ag dul isteach go dtí oiléan an tséipéil agus ní raibh fhios aige go raibh siad ag féachaint ar tseipeál Cáilín. Dubhairt sé, "Ní fada go mbeidh sé i mo sheipeálsa". Chuaidh sé isteach ar an óileán agus go scríobh sé i ainm ar balla an tséipéil. Chuir an fear tinn agus chuaidh sé as a mheabhair.
Sé Naomh Cáilín Pátrún na n-iascaire agus deirtear nár baicheadh aon duine ariamh bhí ag iascaireacht thart timpeall Óileáin an tSéipéil.
Bíonn Lá Fhéile Chailín, sé sin an tríomadh lá déag de Mí na Samhna in a lá mór saoire ins an áit seo agus tugann chuile dhuine cuairt chuig an tobar.
Máire Ní Laoire, Dúnlocháin.
Is ó m'athair, Padraig Ó Laoire, a fuair mé an t-ábhar seo suas. Tá sé caoga ocht bliana d'aois.- Bailitheoir
- Máire Ní Laoidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Laoidhe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe