Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)
- Suíomh:
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seanchas i dtaobh na h-aimsire
An spéir a bheith glégeal sin comhartha aimsire breágh agus nuair atá sé dubh dorcha ta báisteach ag teacht.
Nuair atá dath gorm ar an ngríosach tá athrú aimsire ag teacht.
Nuair bhíonn deatach na teine ar fud an tighe tá athru aimsire ag teacht agus nuair a bhíonn ballaí an tighe fuar fliuch sin cosamhalacht báistighe. Nuair bhíonn an glasóg ag teacht go dtí an doras tá droch aimsir ag teacht. Nuair a fheiceas muid na géanna fiadhaine ag eitilt go hárd insan spéir tá sioc agus sneachta ag teacht. Nuair a bhíos na crotaigh ag feadghail tá báisteach air agus nuair a theigheann an ghaoth in aghaidh na gréine tá droch aimsir ag teacht. Nuair a theigheann an car síos go dtí an teine tá sioc ag teacht. Nuair a itheann an mada an féar glas ta droch aimsir ag teacht agus nuair a bhíos na míolróga amuigh le tuirim an tráthnona tá báisteach ag teacht. An fhairrge a bheith an gharbh sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhlaithbhearthaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67