School: Baile Nua (B) (roll number 9607)
- Location:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Peadar P. Mac Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)suas fúta. Bhfell a deir an sean fear nuair a rachas tusa isteach ins an ngáirdín béidh siad ar fad in a gcodhladh agus an sgeach is fuide síos ins an ngairdin tá na trí ubhla ag fás air. Isteach leat annseo faoí mo sgeacháiní a deir an tiolra. Bhíodar ag imtheacht agus ag síor imtheacht no go dtáiniceadar isteach i nGáirdín na Breideóga. "Seo anois go anuas uaimse agus go isteach ins an ngaírdín acht na déan aon mhoill ann agus an crainnín is fuide síos bain na trí ubhal de. Chuaidh sé isteach agus bhain sé na trí ubhla agus bhí sé ag siubhal suas is anuas an gaírdín mar bhíodar ar fad in a gcodladh. Chuaidh sé isteach i seomra agus bhí builín leagtha ar an mbord. Bhain sé píosa den builín acht bhí sé san méad céadhna arís. Chuir sé ina phóca é annsin agus chuaidh sé isteach i seómra eile. Chonnaic sé ralla cáis acht nuair bhain sé píosa de bhí sé san méad céadhna arís. Chuaidh sé isteach i seómra eile anois agus bhain sé blogan as buideál fíona a bhí ar an mbord acht bhí sé san méad céadhna arís. Chuir sé in a phóca é agus chuaidh sé isteach ins an seómra ina raibh an Bhreideóg. Bhí clíabháin óir aicí agus chuaidh sé isteach ann in éindígh léithí. Thosuigh an tiolra ag blaoidh air annsin agus chuaidh sé faoí na sgeachaíní aríst go dtáinig sé go teach an tsean fhir. Bhíodar ina suidhe go maidin ag ithe builín agus cáis agus ag ól fíona. Nuair bhí sé ag imtheacht ar maidin thug sé an builín don fear. Dimthígheadar go teach an driothúir annsin agus bhíodar ag ithe cáis go maidin geal. Nuair a bhí sé ag imtheacht ar maidin thug sé an rolla cáis don bhean. Tainig sé(continues on next page)
- Informant
- Padraic Mac Conraoi
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe