Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí grádh mór ag Domhnaill Ó Conaill don tír seo Éire. Níor thaithnigh sé le na Sasanaigh agus rinneadar a lán iarracht é a mharbhú acht theip ortha.Lá amháin tugadh cuireadh dó dul go Sasana le a bheith í láthair ag fleadh mór. Cailín Gaedhealach a bhí ag freastal ortha agus nuair a bhí síad suidhte chun bhuird leabhar an cailín í Gaedhilg le Domhnaill agus dubhairt sí "A Domhnaill O Conaill an dtuigeann tú Gaedhilg."
"Tuigim a chailín, cad é do sgéal-sa."
"Tá Nimh í do chupán a marbhócadh na céadhta,"
"Más fíor é do sgéal-sa a chailín, is maith é do spré-sé"Ní raibh fhios ag na Sasanaigh cad a bhí síad a rádh. Chuir Dhomhnaill a láimh in a pocha agus chaith sé a lán airgead faoi an mbord. Chuaidh na fir gá lorg agus nuair fuair Domhnaill an deis thug sé a cupán do fear, agus í lár na féasta cailleadh an fear leis an nimh agus d'eirigh le Domhnaill teacht as. Thug sé a lán saidhbhris don cailín mar buidheachas. (Pádraic Ó Ceannaigh, Doirín, Beál Atha Glúinin)- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Ceannaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Doirín, Co. na Gaillimhe