Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí duine uasail fadó is fadó bhí, agus bhí triúr mac aige. Buaileadh an tathair suas tinn agus nioraibh innann e a leigheas acht trí ubhla amach as Gáirdín na Brídeóga. Dubhairt an mac is sine an lá seo racaimíd ar maidin amaireach sios chuig na trí bóithre atá annsin thíos go bfághamuid amach Gáirdín na Breidheóga. Dubhairt an mac is oige leis an mac is sine' "Faoí cheann lá agus bliadhain an triúr againn "meitaí" annseo aris. Thóg an triúr bóthair an duine anois. Dimthígh an lead is óige agus bí sé ag imtheacht agus ag síor imtheacht gur bhain an oidhche an lá de.
Chonnaich sé solas uaidh istigh i gcoill agus rinne sé ar. Bhí sean bhean críona annsin roimhe i mbotháinín beag agus d'iarr sé lóisdín go maidin. "Bhéarfhaidh mise sin dhuit agus fáilte", a deir sí "Bfuil aon dochar iarrfaidh ort cá bhfuil tú a' dhul". "Bhfell níl" a deir sé. Tá mathair búailte suas agus níl leigheas air go bfághfadh sé trí ubhla amach as gáirdín na Breideóga. Bhfell níl fhios agam mar níor chúalas trácht ar an ngárdín sin aríamh acht tá mé imo maighistreas ar beithighídh an domhain agus béidh siad annseo anocht ar a dhó dhéagh nuair a leigfheas mise fead agus má tá tuairisc ar a leithéadh béidh tuairisc acú sin. Shéid sí an feadóg agus bhí beithidhígh ag teacht as ceann beithighídh nó go raibh an ceann deireadh ar fághail act ní raibh fhios acú cá raibh Gáirdín na Breideóga. "Dona go leór" arsa sise, "acht tá driothúir domsa céad míle as so agus ta sí ina máighistreas ar an méad éisg atá sa bhfairrge agus má tá aon tuairisc ar Gáirdín na Breideóga tá fhios aca siúd". Ar maidin amáireach béarfaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Padraic Mac Conraoi
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe