School: Baile Nua (B) (roll number 9607)
- Location:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Peadar P. Mac Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí grádh mór ag Domhnaill Ó Conaill don tír seo Éire. Níor thaithnigh sé le na Sasanaigh agus rinneadar a lán iarracht é a mharbhú acht theip ortha.Lá amháin tugadh cuireadh dó dul go Sasana le a bheith í láthair ag fleadh mór. Cailín Gaedhealach a bhí ag freastal ortha agus nuair a bhí síad suidhte chun bhuird leabhar an cailín í Gaedhilg le Domhnaill agus dubhairt sí "A Domhnaill O Conaill an dtuigeann tú Gaedhilg."
"Tuigim a chailín, cad é do sgéal-sa."
"Tá Nimh í do chupán a marbhócadh na céadhta,"
"Más fíor é do sgéal-sa a chailín, is maith é do spré-sé"Ní raibh fhios ag na Sasanaigh cad a bhí síad a rádh. Chuir Dhomhnaill a láimh in a pocha agus chaith sé a lán airgead faoi an mbord. Chuaidh na fir gá lorg agus nuair fuair Domhnaill an deis thug sé a cupán do fear, agus í lár na féasta cailleadh an fear leis an nimh agus d'eirigh le Domhnaill teacht as. Thug sé a lán saidhbhris don cailín mar buidheachas. (Pádraic Ó Ceannaigh, Doirín, Beál Atha Glúinin)- Informant
- Pádraic Ó Ceannaigh
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Doirín, Co. na Gaillimhe