Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)
- Suíomh:
- An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean Bhaile Árd
- XML Leathanach 223
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Sasannac, Éireannach agus Albaineach ann uair amháin. Lá amháin bhíodar ag siubhal i Lonndan agus chonnaic duine aca buidéal uisge beatha ar fhuinneóg eicínt agus do cheannuigheadar é. D'imtigh siad abhaile annsin go dtí an teach ina raibh lóistín aca agus sul ar imthigheadar in a gcodhladh dubhairt siad go mbeadh an buidéal uisge beatha ag an duine a n-éireóchadh ar dtús ar maidin. Chuadar in a codladh annsin acht i lár na h-oidhche d'éirigh an t-Éireannach agus d'ól sé an t-uisge beatha. Chuaidh sé isteach san leabaidh arís agus taréis tamaill do mhothuigh sé an Sasannach ag cuartadh an áit in a raibh an buidéal agus dubhairt sé leis an Sasannach, "Céard tá tú ag tóiridheacht?" "Tada" ars an Sasannach, "Bheul" ars an t-Éireannach, "gheobhfaidh tú "tada" san mbuidéal".