Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)
- Suíomh:
- An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean Bhaile Árd
- XML Leathanach 234
- XML “Féile na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo iad féile na bliana a leanas:-Lá 'le Brighde, La 'le Pádraig, An Inid, Máirt na h-'Inide,
An Carghas, Céadaoin an Luaithridh, Domhnach na cailce,
Domhnach súl Dé, Diardaoin na Camaoine, Aoine an céasta,Domhnach na Cingcíse, Luan na Cingise, Lá Cuirp Críost,
Lá na n-amadán, lá Bealtaine, Seana-Bealtaine,
Féile Naomh Éoin, Lá 'le Peadar, agus Pól,
Lá 'le Mhuire bhFóghmhar, Féile Mhicil, Oidhche Samhna,Lá fhéile Stiophán, Oidhche Nodlag, Lá Nodlag,
Oidhche chinn bliana, lá coille, Nodlag bheag, Nodlaig na mban
An Inid:
Leanann an tráth seo ó'n dá lá dhéag go dtí Ceadaoin an luaithridh. I rith na h-ama seo déantar a lán cleamhnais imeasg muintear na tuaithe agus póstar a lán daoine ag an am freisin.
Máirt na h-Inide:
Seo é an lá deire na h-inide. Gníonn na cailíní agus bean an tighe cáca an oidhche seo agus cuireann siad fáinne ann agus an té a gheobhfas an fáinne 'se is túisge a pósfas.
Lá Fhéile Stiopháin:
Is lá mór é sin in Éirinn go mór mhór imeasg na bpáistí. Tuiteann sé ar an séamhadh lá fhiched de mhí na Nodlag. Marbhuigheann na daoine óga dreóilín agus crochann siad ar bhárr bata é agus cuireann siad eidheann agus cuilinn ar a mhaide lé'n é a mhaisiú. Téigheann siad in a mbeirt nó in a dtriúr ag bailuighadh airgid agus leigeann siad go dteastuigheann an t-airgid uatha leis an dreóilín a chur. Teigheann siad ó theach(leanann ar an chéad leathanach eile)