Scoil: Sliabh na Cille (uimhir rolla 14513)
- Suíomh:
- Sliabh na Cille, Co. Liatroma
- Múinteoir: Peadar Mac Fhlannchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh na Cille
- XML Leathanach 202
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Tá bruach Abhann Buidhe a choidhche choidhche gan subhailce ¶ Ó d'imigh sí uainn-ne Plannda na Ruairceach”
(ar lean ón leathanach roimhe)Ó nuair éirighim ar maidn a's ghluaisim chun an aonaigh,
Dearcaini uaim ar na marcaigh thréana,
Nuair nach rachas Eóghan ar a ghillín ghlégeal,
Hillim 'un a' bhaile a's ní ólaim braon
Agus ochón ó.
A Mhuire 'gus a Rí céárd a dhéanfas an Cléirceach,
San áit acu a leagfadh siad a dtaobh air,
Ó D'imthigh an té bhéárfadh plúr agus meadhg daobhtha
Is cead a bheith 'na gcodladh i gclúmhaigh na n-éan
Agus ochón ó
A Mhuirgi Rí na nGrásta nach buadhartha bocht an cás é,
Éanlaith na gcoilleadh ar buile 's ar buaidhreadh,
Gur ab é dubhairt an londubh anonn leis an gcéirsigh
Tabhair cogar don gcuaich gan labhairt go h-éag ann
Agus óchón ó
Agus éistfimid feasta dubhramuid go leor leobhtha
Bhí áit ró-mhór i bhflaitheas Dé leobhtha
Nuair a thug siad uainn é suas le pléisiúr
Cuirimíst á mbeannacht a's beannacht Mhic Dé leobhtha
Agus ochón ó. "
Nóta ar fhoghar na bhfocal mar a dubhairt sé iad_Buaidheartha = baothra agus "ao" = é cosmhail le "ao" i gcanamhaint Chúige Mumhan.Tabhair fá ndeara " labhóchroidh " agus " hillim "." In a' bhaile " dubhairt sé; " bridán " adubhairt sé i n-ionad bradán. Chuala mé " brún " i n-ionad "braon" ins an gceanntar seo.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Prionnsias Mac Fhlannchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Gréach na Fearna, Co. Liatroma