Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 128

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 128

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 128
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus dubhairt sí go n-íochfadh sí go h-an-mhaith é dá mbeadh sé indon a léithead de obair a dhéanamh. Dubhairt sé go raibh; acht dubhairt an cailín leis gan labhairt air le aon duine. Bhí sé ag dul léi acht dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé púicín a chur air sul a bheadh sé go dtí an teach, agus d'fhuagháil sé é le-n-é a chur sa talamh. Nuair a tháinig na gadaidhthe annsin fuaireadar imthighthe é. Dubhairt an ceannphort annsin go gcaithfeadh siad crainnte a chur amach air cé ghabhadh ag cur a thuairisce. Thuit an crann ar dhuine aca agus d'imthigh sé go dtí an baile mór ag cur a thuairisce. Bhí sé ag imtheacht go h-an-mhoch, agus nuair a bhí sé ag dul thar dhorus an ghréasuidhe d'airigh sé é ag obair istigh. Chuaidh sé isteach, agus dubhairt sé "Nach moch atá tú ag obair ."! Annsin dubhairt an gréasuidhe go raibh sé ag obair níos luaichthe ná sin indhé go dtáinig bean aige agus fear aice agus é gearrtha on-a cheathramhnaibh. Dubhairt an gadaidhe go n-íocfadh sé go maith é dá n-innseóchadh sé do cé'n teach a raibh sé ag obair mar sin ann; acht ní raibh aon fhonn air é innseacht dó; acht gheall sé an oiread dó gur innis sé dó sa deire é. Dubhairt an gréasuidhe anise go gcaithfeadh sé púicín a chur air mar gur chuir an cailín púicín air féin sul a bhí sé leath bealaigh, agus go gcaithfeadh sé féin púicín a chur air féin le go 'spáinfeadh sé an teach dhó. Chuir sé púicín air annsin agus d'imthigh sé leis. Nuair a bhí sé tuairim chomh fada le teach an chailín, bhain sé de an púicín agus 'spáin sé an teach dhó. Chuaidh an gadaidhe annsin agus chuir sé marc geal le cailc ar an dorus agus d'imthigh sé leis annsin go dtí a mháighistir le go dtiochfadh siad 'san
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT0676: Open Sesame
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó hIarnáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bairtle Ó hIarnáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe